My story in Irish
Ruth MacCárthaigh is ainm dom agus do thógadh mé sa Charraig Dhubh i gCo Lú, Éire, mar Chaitliceach.
Níor mhothaigh mé ariamh go raibh an-chaidreamh idir mé féin agus Dia. Chaill mé muinín san Eaglais agus ó mo dhéagóirí ar aghaidh thosaigh mé ag creidiúint, toisc nach raibh íomhá Dé a taispeánadh dom cheart, nach raibh aon Dia ann ar chorr ar bith.
Chuaigh mé go Baile Átha Cliath nuair a bhí mé seacht mbliana déag d’aois, áith a bhuail mé agus thit mé i ngrá le Dave. Bhíomar an-sásta ar fad agus le linn na deich mbliana a bhíomar pósta cheannaigh muid teach, chaith sinn laethanta saoire aontach le chéile agus, de gná, bhí saol an-taitneamhach againn. Nuair a bhris ár bpósadh síos mar gheall ar a mhí-dhlisteanacht Dave bhí mé scriosta. Bhí an-ghrá agam dó go fóill achd’fhuair mé amach go raibh sé an-chrua ar fad é a fhágáil, ár dteach a dhíol agus filleadh ar ais go Dún Dealgan.
Shíl mé nach mbeinn in ann dearmad a dhéanamh ar Dave go deo, ach,buíochas le grá agus cabhair mo mhuintir, d’éirí liom. Dhá bhliain ina dhiadh sin bhuail mé le Seán. Níorbh fhéidir liom é a chreidiúint! Thit muid i ngrá, cheannaigh muid teach san Iúr, bhí in ár intinn pósadh, theaghlach a pleanáil agus, arís, bhí mé ag súil le todhchaí sona.
Fuair Seán bás i dtimpiste cairr nuair a bhí mé sé mhí ag iompar clainne. Ní dóigh liom go bhfuil aon chúis ann cur síos a dhéanamh ar m’intinn ag an am sin, is dóigh liom go bhfuil sé indéanta. Ach bhí mac agam. Seán, an t’ainm a chuir mé air, díreach dhá sheachtain déag tar éis bháis a athar. Ós rud é go raibh eagla orm roimhe sin go gcailfinn an leanbh, do dhearna mé rí-iarracht mo bhrón a choinneáil taobh istigh.
Tar éis breithe Sheáin óig bhí eagla orm go bhfaighfinn dúlagar iarbhreithe, agus, mar sin, lean mé ar aghaidh le mo bhrón a choinneal im’ anam chomh deangain sin, go bhfuair mé amach ocht mí dhéag tar éis bháis Sheáin, go raibh mé ag dul in olcas agus nach raibh feabhas ag teacht orm. Cé gur thug mé cuairt ar uaigh Sheáin, ní bhfuair mé aon chompord as mar bhí mé i mo aindiachaí le blianta anuas. Thosaigh mé ag freastal ar ghrúpa méala agus arís, tar éis dhá bhliain, thosaigh cúrsaí mo shaol a feabhasadh.
Cé go raibh coibhdhgealachas le mhuintir Sheáin go maith roimh agus i ndiaidh bháis Sheáin, thosaigh an nasc a bhriseadh síos. Mar sin d’fhág mé mo theach deireadh agus d’fhág mé fresiean an chuid is mó den throscán agus rudaí pearsanta bhog im’dhiadh agus d’fhill mé arais arís go dtí an Charraig Dhubh. Bhí súil agam go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí mo shaoil ansin ach, mo bhrón, chuaigh rudaí in olcas. Ag an pointe sin níraibh fonn orm ach ach éirí as an tsaol féin. Bhí gach aon ní caillte agam: Dave, mo theach cónaithe i mBaile Átha Cliath, Seán, a mhuinir, mo theach san Iúr agus anois ba dóigh liom go raibh mé ag cailleadh mo mhuintire féin. Níor thuig mé cén fáth ambeadh na rudaí seo go léir ag tarlú domsa agus oíche amháin nuair bhuail m’anam leis an pointe is ísle, ghlaoigh mé ar Dhia agus dúirt mé leis gurbh cuma liom dá mbeadh sé ann ach an oiread, nach raibh aon imní orm. D'fhiafraigh mé air an saol crua seo a mhianú liom agus fáth éigin muinín a bheith agam i duine ar bith. D’iarragh mé air freiseanan fáth go raibh mo shaol comh cráite sin. Cibé píosa creidimh a bhí agam sa chine daonna, thréig sé mé an uair sin. Ba fuath liom an domhan agus gach rud a bhaineadh leis. Bhí fonn orm an saol a fhágáil.
Tá sé an-deacair anois seo a admháil, ach ansin, b’é an rud ba threise a bhí m'intinn, bhí mé ag iarraidh deireadh a chur le mo shaol. I ndáiríre, bhuail uafás iomlán mo chás mé. Ní raibh mé in ann dul in áit ar bith mar bhí mo mhac Sean agam agus ormsa aire a thabhairt dó. Ní raibh mé in ann é a fhágáil agus dílleachta a dhéanamh de. Mhothaigh mé gafa. Cibé ísle n pointe a bhí bainte amach agam ansin, ba é seo an ceann ba mheasa, agus bhí a fhios agam go raibh mé buailte ag bun na carraige. Ní raibh a fhios agam ansin ach, ba é seo an pointe athraitheach i mo shaol ; nach mbeadh sí mar a bhí in a ndiadh sin go deo.
Ar an Luan, d’iarr mo dheirfiúr, ar na mná a d’fhreastail ar Ionad Baiste Dhún Dealgan, guí ar mo shon mar go raibh sé ina intinn iarraidh orm dul go cruinniú léi an Aoine dár gcionn. An lá ina dhiadh sin, Dé Máirt, d’iarr mo dheartháir orm bheith oscalite roimh chreidiúint i nDia agus è a ligint isteach i mo shaol. An oíche sin, do ghuí mé os ard, "A Thiarna Íosa, tar isteach, le do thoil, im’ shaol". Chun an fhírinne a insint, shíl mé go raibh mé beagán amaideach agus chuaigh mé a chodladh ag déanamhdearmad ar fad ar an bpaidir sin.
D'iarr mo dheirfiúr orm dul chuig cruinniú léi oíche Dé hAoine agus arsa mise liom féin "cén fáth nach rachainn?" Bhí beirt chainteoirí ann agus labhair siad faoi Íosa agus Dhia agus chuir siad tús leis an gcruinniú le ghiota den Bhíobla a léamh. Mhínigh siad teacht Íosa ar an domhan seo againne agus cúis a bháis. At siad, “ os rud è nach bhfuilimid, mar gheall ar ár bpeaca, in ann dul chuige, gur roghnaigh seisean teacht chugainn”.
Mhínigh siad an fíor-ghrá atá ag Dia dúinn. Grá a chosain go leor dó, rud ar bith dúinn. Níor mhínigh aon duine riamh roimhe seo an nasc idir Dia agus sinne agus idir an tAthair agus a mhac Íosa. Ar scoil , sa bhaile agus ar aifreann, níor mhínigh aon duine araimh dom chomh soiléir agus chomh ceart mar a mhínigh an beirt sin an oíche sin. Ba é seo an chéad uair riamh a chuala mé an Soiscéal fíor, fíor-scéal Íosa, conas agus cén fáth a fuair sé bás ar ár son, ag ghlacadh ciontacht ár bpeaca agus ag ligint dúinn a bheith gar dó. Níor mhínigh aon duine dom an modh a phionósaigh Dia a aon Mhac, Mac Dé, gur ghlac Íosa pionósaithe im’áitse. Thaispeáin an cleacht dom freisin brí na beatha, brí mo shaol féin.
Dúirt duine de na beirt fear go raibh sé chun a chuid peacaí a admháil agus dá mbeadh fonn ar duine ar bith an rud chéana a dhéanamh go bhféadfadh sé é sin a dhéanamh go ciúin, ina anam. Dúirt sé gur peacach a bhí ann agus adhaigh mé i m’intinn gur peacach mé freisin. Dúirt an fear sin go raibh brón air as son a chuid peacaí agus smaoinigh mé ar chuid de na rudaí a bhí déanta agam san am caite, rudaí a bhí curtha i bhfolach agam agus mé ag súil le dearmad a dhéanamh orthu, rudaí a chuir an-náire orm. Dúirt mé le Dia go raibh an-bhrón orm féin freisin agus go raibh mé ag labhairt i ndáiríre. Bhí an oíche sin an-tioncharachagus d’fhág sí i bpíosaí mé.
Coicís ina dhiaidh sin chuaigh mé go dtí an Eaglais Bhaiste arís le mo dheirfiúr agus shíl mé go raibh sé go hiontach! Mhothaigh mé m’anam lán de shíocháin agus de shonas. Ach mhothaigh mé freisean go raibh mé go holc, go raibh gach aon duine eile ag breathnú ora agus in ann mo pheacaí go léie a fheiscint. Tháinig mé abhaile an tráthnóna sin agusmhothaigh mé na taithí céanna arís.
Lá nó dhó ina dhiaidh sin d’oscail méBíobla mo mháthar agus thosaigh mé ag léamh. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin chuir mé mo dhá lámh ar an leabhar agus thosaigh mé ag caoineadh. D’inis Dia dom ansin go raibh gach rud ina Bhíobla fíor. Níor dúirt aon duine è seo liom. Níor chuir aon duine an fhírinne ina luí orm. Ba é Dhia, i mbealach osnádúrtha a thaispeáin gach rud agus chuir sé an fhírinne ina luí orm. Bhí a fhios agam go raibh gach rud san leabar fíor. Bhí a fhios agam go raibh Dia fíor, an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh. Bhí a fhios agam gurb é seo an rud a bhí á lorg agam le blianta agus bliante anuas. Caithfidh mé a admháil gur tghosaigh mé ag gol le sonas.
Anois a bhí a fhios agam go raibh mé ceart le Dia, san Bíobla deirtear “shábháilteacht”. Révéild Dia è féin dom. Tá difríocht mhór idir creidiúint i gónaí i nDia os rud gur dúirtear leat creidiúint, agus Dhia féin á nochtadh duit. Bhí mé faoi shmúineart! Tar éis na mblianta d’fhuair mé amach ó Dhia féin go bhfuil sé ina duine fíor.
Bhog na nithe go tapa. Thosaigh mé ag léamh na Bíobla agus ag freastal ar ranganna staidéir Bíobla. Chuaigh mé go dtí an Eaglais. D’iarr mé fios ar Stiofáin, mo threoir reiligiúnach, faoí gach ní a thagadh im’ intinn, agus, ag tagairt go minic don Bhíobla, d’fhreagair sé mo cheisteanna go léir. D’fhan me im’ shuí na uaireanta san oíche ag léamh agus ag guí agus ag caint le Dia. Ba é an t-am is iontaí dem’ shaol. B’am an-dheacair éfreisin mar bhí orm aithne orm féin a fháil.
Bhí sé ina thréimhse an-deacair dom freisin mar gur ghá dom glacadh liom féin. Ba é mar a bheadh Íosa ag coinneáil scátháin os mo chomhair amach ag taispeáin an slí cheart dom. Chuidigh sé liom a aithint chomh lofa agus peacach a bhí mé, agus an gá a bhì ionam le maithiúnas Dé. Beagnach trí mhí ina dhiaidh sin fuair mé baisteadh.
Do shábháil Dia mé óm féin agus d’iompagh mo shean-shaol I saol lán de dóchais agus do thóg sé caidreamh fíor idir mise agus seisean. Óm am sin tá mo shaol athraithe go hiomlán. Is duine nua mé. Tá mé sona agus grá ag daoine agam. Ní féidir aon rud de na hamanna is fearr a bhí agam roimhe seo a chur i gcomparáid leis na hamanna is measa atá agam anois! Tá mé beannaithe, mar d'athraigh Dia m'aigne agus mo shaol ó bhonn. Fiú nuair a bhíonn trioblóidí agam, tá Sé im’ chuideacht agus cabhraíonn Sé liom dul tríd gach punc.
Gach rud a theastaíonn uaim a fhoghlaim faoin saol seo, faighim amach é sa Bhíobla, agus, le cúnamh Dé ,déanaim mo dhícheall gach focal a léann mé a chleachtadh. Tá roinnt de na caidrimh bhriste de mo shaol caite leigheasta aige. D'athraigh sé mé chomh domhain
sin nach bhfuil náire orm a insint do dhaoine rud nach mbeadh in ann cheanna féin. Ní hamháin go bhfuil cinnteacht aige dom go mbeidh mé leis go deo, ach cabhraíonn sé liom an saol seo a chaitheamh anseo agus anois. In áit iarracht a dhéanamh ar mo shaol a chaitheamh mar is mian liomsa, lorgaím toil o Dhia i gcónaí. Nuair a d’Iarradh mé rudaí a dhéanamh ar mo bhealach féin, theip orm.Ó ghlac Dia chugam, mar a déarfá, agus lig mé dó smacht a bheith aige ar mo shaol mothaím mé féinníos fearr nó cheanna féin.Tá mé pósta go sona sásta anois le Críostaí eile, Niall. Tá muid beirt ag tabhairt ár saol do Dhia agus mar chuid de sin, táimid ag iarraidh insint dhaoibh cad atá an Tiarna le rá libh— go bhfuil grá aige dhaoibh agus go dteastaíonn sibh uaidh, agus tá Sé ag fanacht go mbeigh sibh ag glaoch air.
Ní gá dhaoibh fanacht go mbeidh sibhmaith go leor dó sula rachaidh sibhchuige; tiocfaidh seisean, cibé áit ina bhfuil sibh anois. Ní gá ach iarraidh air! Taispeánfaidh sé an bealach dhaoibh! Níl aon rud agaibh atá ag taisteáil uaidh. Ach sibhse féin. Smaoinighí ar an gcaoi ar pheacaigh sibhagus, agus nuair a cheapfaidh sibh iarragaí air maithiúnas a thabhairt dhaoibh. Nìl sé ag iarrai ach bhfur hiomlán a thabhairt dó. Beidh sibhj i lámha Dé.
Níl ach slì amháin lena aimsiú : an Bíobla. Is féidi thosnú ónTiomna Nua, mar shampla, le Maitiú, Marcas, Lúcás nó Eoin go háirithe.
Creidim go bhfuil grá ag Dia dom agus go raibh sé ag fanacht go mbeinn ag glaoch air. Bhí mé féin gnóthach ag maireachtáil saol sona sásta gan smaoineamh ar Dhia. Ach, buíochas le Dia, le grá, mheall sé mo aird (i ndeire na dála) nuait a chì mo shaol as titim trína chéile, píosa ar phíosa. Nuair a theip ar mo chéad phósadh d’iompaigh lorg mé cabhair agus sólás óm’ mhuintir. Nuair a fuair Seán bás d’iarr mé ar a mhuintir le cabhair agus sólás a fháil.
Nuair a thit mo shaol as a chéile ní raibh aon duine fágtha agam lecabhair a fháil. Le géarchéim, d’iompaigh mé ar Dhia, ag súil go raibh duine nó rud éigin ann dom, agus fuair mé amach go raibh sé ann!
Bhí mé i m’aindiachaí ar feadh fiche bliain nó mar sin, ach i ndeire na dála bhí mé ag súil go mbeadh níos mó i gceist leis an saol, agus tá cruthaithe ag Dia dom go bhfuil. I bhfad níos mó! Síoraíocht.
Tá fíorshíocháin le fáil san tarrtháil. Fíorshíocháin idir sibhse agus Dia nach bhféadfaidh aon rud a bhriseadh.
Is féidir libh an chuid eile de bhfur shaol a chaitheamh ag cur aithne chur air agus ag baint sult as.
Comments
Post a Comment